Líomanoch! Chualas scaoth beach im’ dhiaidh; cé hé a scaoilfeadh iad? Nach mbeadh a fhios ag an saol go gcuirfí duine ‘um scaoill? Ee-eek! a scaoiltear as, i gconair reatha ráis, ag rith mar ghaoth ag seordán . . . i gcóngar fós an dordán . . . Deirtear más líomóid agat, moltar líomanáid; pé scéal, más beach an phéist, ní mil ach milleadh i gceist.