Seanlanúin Bhí seanfhear bocht is seanbhean dhocht i dteaichín beag sa choill. Ní raibh clann ná páistí ann: d’fhás ‘gus d’éalaigh gan mhoill. Bhí sé mar cháil na caillí cál ceannach blasta a bhruith, bágún is araile ar thine mhór lasmuigh. An cranndúir sin, a céile, cailleadh a chuid céille. Is é a bhí ann, i mí Aibreán, ag réiteach don Lá Féile. Cheal nach bhfuilir, a deir sé lei, ag réiteach do St. Paddy’s Day? Tá bágún, cál, is éadaí uaine is seamróg cheithre dhuilleog uainne. Chaill tú do chiall, a d’fhreagair sí, ar séideadh amach thar sáile é ag gaoth? Tá a fhios ag an saol, a leathan is a chaol, nach dtagann Lá Féile P chuile mhí! A sheanbhean mhallaithe, a chuach mo chroí, ní theastaíonn uaimse féilirí ná gairm lae le féile a phlé: tá a fhios ‘amsa am le n-ithe. Ara droch-rath ort, i lár an ghoirt, gan fata ar bith a bhaint as láib. Mo léan, mo chreach, gan fataí sa teach, b’é anraith piobair lán do chlaib.