Odaisé Cánaigí, a Bhéithe, faoi -- Inisigí scéal dua an laoigh: Is é Odaiséas ilbheartaithe ar aistear fada farraige: ó thalamh marfach roimh an Traoí ag taisteal ar na tonnta bhí, dhá aistriú féin ‘s a bhuíon leis. Mar aisteoirí i mbruíonta deithe idir dhraíocht, idir bhaol ar thuras aisteach thug siad triall. Bhain sé tríáil as neart a láimh is clisteacht cinn in aghaidh a namhad Má b’ aisling í nó aiste dháin cha bhfaca siad a dteaghleach ann deich mbliana a chaitheadar gan áit ar bith ar a d’fhanadar: ní raibh á dteastáil ach amháin tír dhúchais agus cléibh na mban, mar céard é leis an bhfánaí gean ach cara is cú is corn is bean?