Cóiste na Coiste Bhí ceathrar fir na cathrach ann ceithre ball den choiste amháin, ar aistear chun na farraige ‘s ag casaoid ar an gcostas de. Bhí ceathrar fir na cathrach inti, cruinnuithe i gcóiste, cinnte, marcaíocht ar bhóithre casta ar a mbealach nó an cósta. Is é na rothaí bhí ag casadh is ag gluaiseacht go gasta ar na bóithre cama casta gar don chósta síos go muir... Bhí na fir uilig go sásta nó gur chuaigh siad go crosta ó gur phléaidís an chostais ar an lóistín gar don chósta. Is é na rothaí a bhí ag casadh ar na ródaí cama casta is iad ag druidim ar an gcósta ar an bhfána síos go muir… Bhí tiománaí ar an gcóiste: b’fhéidir air a bheadh bog-mheisce, is na páisinéirí leisciúil ina gcóiste gorm gasta. Is é na rothaí a bhí ag casadh ar na ródaí cama casta mar a tiomanadh ro-ghasta í is gur bhuail an charr faoi chlaí... Bhí trí chiste istigh sa chóiste ag an gcisteoir, ball den choiste, is bhí an cisteoir siúd an-chliste -- -- ní miste liom a rá. Is é na rothaí bhí ag casadh is ag gluaiseacht go gasta ar na bóithre cama casta nuair a thit an charr faoi chlaí... Bhí ciste istigh díobh briste nuair a tholg an timpiste; b’é sách costasach bhí an chiste -- -- is óth liom é a rá. Is é na rothaí bhí ag casadh is ag gluaiseacht go gasta ar na bóithre cama casta roimh gur bhuail an charr faoi chlaí… Ach bhí cathaoirleach an choiste ina shuí istigh sa chóiste leis a chupán tae go blasta nó go raibh an cathaoirleach casta... D’iompadh fir i gcnap le chéile; d’aisig beirt acu a mbéilí scaipeadh airgead mar réaltaí mar a chuala mé ón scéalaí… Bhi an cathaoirleach sách crosta is a mhéaracha sách rósta faoina fháinne órga pósta -- a bhí an-te le tae Ach b’é na rothaí a lean ag casadh is ag rothaíocht go gasta ar an bhfearsaid bhriste mheartha ar an bhfána os cionn na mara, thar éis gur bhuail an charr faoi chlaí….